conas aláraim a úsáid in windows 10

Conas feidhmchlár Aláram & Cloig a úsáid

Ruaig aláram nó cuir faoi shuan é

Cloisfear aláraim fiú nuair a bhíonn an feidhmchlár dúnta, an fhuaim balbhaithe, do ríomhaire glasáilte, nó (ar roinnt ríomhairí glúine agus táibléad a bhfuil InstantGo acu), i mód Codlata. Ach ní oibreoidh siad fad a bhíonn do ríomhaire faoi shuan nó casta as.

Bí cinnte go mbíonn do ríomhaire plugáilte isteach i gcumhacht AC chun nach rachaidh sé faoi shuan.
Chun aláram a chur faoi shuan nó a ruaigeadh:
San fhógra aníos, roghnaigh Ruaig chun é a chasadh as, nó Cuir faoi shuan le go gcloisfear arís é tar éis tamaill.
Má dhúnann an fógra sula sroicheann tú é, roghnaigh an íocón an ionaid ghníomhartha sa chúinne thíos ar dheis chun é a fheiceáil i liosta agus é a roghnú as sin.
Má tá do scáileán glasáilte, feicfear an fógra aláraim ar bharr an scáileáin ghlasála, agus is féidir é a chasadh as ansin.

Rudaí nua

San fheidhmchlár Aláram & Cloig gheofar clog aláraim le cloig an domhain, amadóir agus staduaireadóir. Seo roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh leis an bhfeidhmchlár seo:
Aláraim a chloisteáil, a chur faoi shuan agus a ruaigeadh fiú nuair a bhíonn an scáileán glasáilte nó an fhuaim balbhaithe
Roghnaigh fuaimeanna éagsúla nó do cheol féin le haghaidh aláraim
Déan comparáid idir amanna timpeall an domhain

Cloig an domhain

Seo an tslí le suíomh a chur leis agus amanna ar fud an domhain a chur i gcomparáid:
San fheidhmchlár Aláram & Cloig, roghnaigh Clog an Domhain agus ansin Nua + ag an mbun.
Iontráil na chéad chúpla litir den suíomh atá uait, agus ansin roghnaigh é ón liosta anuas. Má bhfeiceann tú an ceann atá uait, iontráil suíomh eile atá sa chrios céanna.
Roghnaigh Déan comparáid idir amanna (an 2 chlog ag bun), agus ansin bog an barra sleamhnáin chun am nua a roghnú lena chur i gcomparáid. Roghnaigh suíomh ar an léarscáil chun an áit dá dtagraíonn an barra sleamhnáin a athrú.
Chun an mód Cuir Amanna i gComparáid a fhágáil, roghnaigh an cnaipe Siar, nó brúigh Esc.

conas aláraim a úsáid in windows 10
conas aláraim a úsáid in windows 10

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *