deisigh naisc chuig gléasanna fuaime bluetooth agus taispeáintí gan sreang in windows 10

Deisigh naisc chuig gléasanna fuaime Bluetooth agus taispeáintí gan sreang

Fuaim Bluetooth

Murar leor an cnaipe Nasc cnaipe san ionad gníomhartha chun do ghléas a aimsiú, bain triail as seo:
Féach chuige go bhfuil tacú i do ghléas Windows do Bluetooth agus go bhfuil sé casta air. Feicfidh tú cnaipe Bluetooth san ionad gníomhartha.


Mura bhfeiceann tú an cnaipe Bluetooth, triail tiománaí do ghléis a nuashonrú. Seo conas. Gabh chuig Tosaigh, iontráil Bainisteoir Gléis, roghnaigh é ó liosta na dtorthaí, agus ansin, in Bainisteoir Gléis, aimsigh do ghléas, deaschliceáil (nó brú agus coinnigh síos é), roghnaigh Nuashonraigh Bogearraí Tiománaí, roghnaigh Cuardaigh bogearraí tiománaí nuashonraithe go huathoibríoch, agus ansin lean na céimeanna eile.
Más amhlaidh go bhfuil Bluetooth casta air, agus an tiománaí cothrom le dáta, ach níl do ghléas ag obair fós, triail é a bhaint agus a athphéireáil. Seo conas: Gabh chuig Tosaigh, iontráil Gléasanna, roghnaigh Bluetooth, roghnaigh an gléas, roghnaigh Bain gléas, agus ansin triail é a phéireáil arís.
Féach chuige go bhfuil an gléas fuaime atá cumasaithe do Bluetooth casta air agus in-aimsithe. Braitheann an tslí ina ndéantar seo ar an ngléas féin, mar sin seiceáil an fhaisnéis a fuair tú le do ghléas nó téigh chuig láithreán gréasáin an déantóra.

Gléasanna Miracast

Murar leor an cnaipe Nasc cnaipe san ionad gníomhartha chun do ghléas a aimsiú, bain triail as seo:
Féach chuige go bhfuil tacú i do ghléas Windows do Miracast tríd an fhaisnéis a fuair tú leis a sheiceáil nó dul chuig láithreán gréasáin an déantóra.
Féach chuige go bhfuil Wi-Fi casta air.
Féach chuige go bhfuil tacú do Miracast sa taispeáint is mian leat a theilgean, agus go bhfuil sé casta air. Mura bhfuil, beidh cuibheoir Miracast uait (“dangal” a thugtar air uaireanta) a phlugálann isteach i bport HDMI.

Gléasanna WiGig

Murar leor an cnaipe Nasc cnaipe san ionad gníomhartha chun do ghléas a aimsiú, bain triail as seo:
Féach chuige go bhfuil tacú i do ghléas Windows do WiGig, agus go bhfuil sé casta air. Má tá tacú i do ríomhaire do WiGig, feicfidh tú cnaipe WiGig i Socruithe > Mód eitleáin.
Féach chuige go bhfuil tacú sa taispeáint do WiGig. Mura bhfuil, beidh nasc WiGig uait.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *