deisigh naisc chuig gléasanna fuaime bluetooth agus taispeáintí gan sreang in windows 10 mobile

Deisigh naisc chuig gléasanna fuaime Bluetooth agus taispeáintí gan sreang

Fuaim Bluetooth

Murar leor an cnaipe Ceangail san ionad gníomhartha a bhrú chun do ghléas fuaime atá cumasaithe do Bluetooth a aimsiú, bain triail as seo:
Cinntigh go bhfuil tacú i do ghléas Windows do Bluetooth agus go bhfuil sé casta air. Feicfidh tú cnaipe Bluetooth san ionad gníomhartha.


Cinntigh go bhfuil an gléas fuaime atá cumasaithe do Bluetooth casta air agus in-aimsithe. Braitheann an tslí ina ndéantar seo ar an ngléas féin, mar sin seiceáil an fhaisnéis a fuair tú le do ghléas nó téigh chuig láithreán gréasáin an déantóra.
Má tá gléasanna atá cumasaithe do Bluetooth seachas gléasanna fuaime, uait, gabh chuig leathanach socruithe Bluetooth. Gabh chuig Socruithe, roghnaigh Gléasanna, roghnaigh Bluetooth, roghnaigh an gléas, roghnaigh Bain gléas, agus ansin triail é a phéireáil arís.

Gléasanna Miracast

Murar leor an cnaipe Ceangail a bhrú san ionad gníomhartha chun do ghléas a aimsiú, bain triail as seo:
Féach chuige go bhfuil tacú i do ghléas Windows do Miracast tríd an fhaisnéis a fuair tú leis a sheiceáil nó dul chuig láithreán gréasáin an déantóra.
Féach chuige go bhfuil Wi-Fi casta air.
Féach chuige go bhfuil tacú do Miracast sa taispeáint is mian leat a theilgean, agus go bhfuil sé casta air. Mura bhfuil, beidh cuibheoir Miracast uait (“dangal” a thugtar air uaireanta) a phlugálann isteach i bport HDMI.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *